Caithréim an Chaipitleachais                                      Séamas Ó Neachtain

 

Is minic nach dtuigtear cad is caipitleachas ann, agus go gcuirtear líomhaintí ina leith nach mbaineann leis i bhfírinne.  B’fhiúntach sracfhéachaint a dhéanamh air chun bheith in ann é a phlé i gceart.

 

Cad is an caipitleachas ann?  Cathain a thosaigh sé?  Tá cúrsaí trádála ann leis na cianta.  Sin tréith an-shean den tsibhialtacht.  Bhíodh daoine ag bailiú airgid dóibh féin as an gcumarsáid seo ón dtosach.  Arb é chaipitleachas sin?  Níorbh ea.  Tá tréithe éagsúla a bhaineann leis an gcaipitleachas nach raibh ann in aon gheilleagar roimhe.  Tá margadh ann, agus margadh mór a bhíonn ann, agus braitheann sé ar an oll-tháirgeadh, de ghnáth.  Ach dar leis an eacnamaí Ludwig von Mises, is é an tréith is éagsúla atá ag an gcaipitleachas agus nach raibh ag córais tháirgeachta réamhchaiplitleachacha (pre-capitalist), ná an foras margaíochta atá aige.  Níl ann sa chaipitleachas an ollmhargaíocht (mass marketing) amháin, ach déantar an ollmhargaíocht sin chun riachtanais an phobail a shásamh, deir sé.  Mar sin, bíonn gnáthdhaoine ag ceannach na dtáirgí a dhéanann gnáthdhaoine eile.  Ceannaíonn siad na rudaí is mian leo, agus déantar na rudaí sin féachaint gur mian leo iad.  An soláthar agus an t-éileamh, mar atá.   

 

Conas is féidir le gnáthdhaoine a leithéid a dhéanamh?  As siocair go bhfuil a maoin féin acu, mar cheart.  In aois an fheodachais, mar shampla, ní raibh an ceart sin ag an ngnáthdhuine.  Mura mbeadh maoin príobháideach ag an duine, níorbh fhéidir don chaipitleachas bheith ann.  Agus chun an ceart seo a bheith ann, tá sé riachtanach go bhfuil ceannas an dlí ann.  Aon uair a chuireann cumhacht rialtais isteach air, déantar dochar don gheilleagar caipitlíoch.   Más baolach go dtógfadh cumhacht éigin maoin an duine, ní bhíonn an duine sin saor go leor chun an caipitleachas a chur i bhfeidhm.

 

Mar sin, nuair a bhíonn dlí is ceart ann don ghnáthdhuine, agus nuair a bhíonn sé slán ó chumhacht an rialtais, agus nuair a bhíonn meas ar mhaoin an duine, is féidir le daoine conraithe a dhéanamh eatarthu féin, agus geilleagar saor a bhunú.  Thug an Réabhlóid Tionsclaíoch seans don ghnáthdhuine maoin suntasach a bhailiú chuige, agus tá baint aige sin le caithréim an chaipitleachais.  Deir an té nach maith leis an caipitleachas, deir a leithéid gur tubaiste a bhí ann san aois sin, agus gur fianaise ann nach do leas na ndaoine é an caipitleachas.  Ach is léir ó na fíricí nach fíor sin.  An tír ba mhó i mbun tús na haoise sin a ba Shasana.  I mbarr a réime a bhí an caipitleachas agus an Réabhlóid Tionsclaíoch ann idir 1760 agus 1830 – aois an-chrua, dar leis an cáinteoir.  Ach i rith na mblianta siúd, mhéadaigh daonra Shasana faoi dhó!  Athruithe móra a tharla san aois sin, cinnte, agus bhí sé deacair dóibh réiteach leo.  Ach d’éirigh sé leo, agus bhí rath orthu mar gheall air. 

 

Ón aois sin ar aghaidh, i ngach tír a ghlac leis an gcaipitleachas, tharla go raibh feabhas mór ar chúrsaí sláinte agus maireachtála inti.  Ní mór ná go mbíonn saoirse ann chun tráchtáil saor a bheith ann.  Mar sin, tá an buntáiste sin ag an gcaipitleachas, freisin.  Bíonn an córas táirgeachta faoi stiúir phríobháideach.  Bíonn an tomhaltóir bun agus barr den gheilleagar.  Tá ceart ag gach aon duine iarracht a dhéanamh chun an margadh a shásamh (agus fiú a dhéanamh), agus chun a mhaoin féin a mhéadú.  Bíonn iarrachtaí nua ar siúl i gcónaí, agus déantar feabhas i gcónaí ar chórais tháirgeachta chun iomaíocht níos fearr a dhéanamh.  Déantar táirgí nua agus níos fearr.  Bíonn poist ar fáil do níos mó daoine i gcónaí, mura bhfuil fadhb éagsúil ann.  Agus is féidir leis an ngnáthdhuine saibhreas a bhaint amach dó féin, mar a rinne daoine bochta mar Benjamin Franklin, Andrew Carnegie, fiú Bill Clinton.  Níor thosaigh Bill Gates a shaol mar dhuine saibhir.  Sa Ghaeilge, ‘sé focal eile ar chaipltí ná rachmasaí!  Cé nach mbíonn an móramh saibhir, bíonn meon go leor acu mar mheán-aicme, agus bíonn níos mó fiú ag na bochtáin ná mar a bheadh faoi chóras eile, agus bíonn deis ann dóibh chun a saolta a fheabhsú i gcónaí.  Ní bhíonn an caipitleachas éasca, ach bíonn sé do leas an phobail, cé go mbíonn sé dian go leor ar dhaoine éagsúla ó am go chéile.  Má tá sochaí Críostaí ann, bíonn cabhair ar fáil don duine a bhfuil i gcruachás.  Tá an caipitleachas féin fuinniúil agus solúbtha, ach ní leor aon chóras daonna gan an grá, mar a dúirt Naomh Pól.

 

A mhalairt ghlan atá ann i gcóras sóisialach. Níl ceart ag aon duine a mhaoin féin a bhailiú.  Ní bhíonn aon fheabhas ar a shaol le baint amach as a chuid oibre.  Ní spreagtar an duine sin chun rudaí nua agus níos fearr a dhéanamh.  Déanann an rialtas gach aon socrú maidir leis an gcóras táirgeachta.  Déanann an rialtas margadh nach bhfuil bunaithe ar mhianta an tomhaltóra.  Chun imirt focal a dhéanamh, ní dhéanann sé gnó.  Cuireann an sóisialachas isteach ar chearta an duine, agus ar shaoirse an duine.  Nuair a bhíonn deis ag duine a shlí bheatha a fheabhsú dó féin, déanann sé a dhícheall chun sin a dhéanamh.  Nuair nach mbíonn, bíonn sé ar nós cuma liom aige.  Bíonn an duine faoi smacht an rialtais, agus a gcomharsan, agus eagla air rompu.

 

Ach mar sin féin, deirtear nach bhfuil cearta ag an duine bocht, agus go ndéantar saibhreas as dian-obair na mbochtán, do scata beag daoine.  Is fíor go mbíonn cumhacht ag aon duine ag a bhfuil saibhreas.  Is féidir leis a thoil féin a dhéanamh sa mhargadh, ag ruaig na hiomaíochta, agus go háirithe i gcúrsaí fostaíochta.  Gan bhac, go háirithe nuair a bhí an córas caipitlíoch nua ar an saol, rinne agus déanann daoine áirithe rudaí uafásacha, ag baint drochúsáid as bochtáin áirithe.  Ach mar sin féin, go minic, glacann na bochtáin leis, ag iarraidh a slí bheatha a fheabhsú – agus feabhsaíonn.  Mar shampla, nuair a bhí an córas seo nua, bhíodh páistí ag obair sna monarchana.  Ach bhí i bhfad níos mó páistí beo mar gheall air.  De réir a chéile, rinneadh feabhas ar chúrsaí dóibh.

 

An raibh a leithéid de Scrooge ann?  Bhí, agus tá.  Arbh fhéidir le Bob Cratchit jab eile níos fearr a fháil?  Cá bhfios.  Ach tarlaíonn tubaistí do dhaoine áirithe i gcónaí, agus ní mór nó go dtugtar cabhair don duine siúd.  Ní féidir laissez faire a dhéanamh go foirfe sa saol seo.  Ach sin ráite, tarlaíonn tubaistí do beagnach gach aon duine gan an caipitleachas.  Tabhair faoi deara slite beatha na ndaoine faoi chos ag na cumannaithe, mar shampla.  Agus is fearr i gcónaí do thoil féin a dhéanamh, cé chomh deacair agus a bhíonn cúrsaí uaireanta, ná toil duine eile bheith brúite ort, mar a dhéantar faoi chórais eile.

 

Mar atá, freisin, is féidir cumhacht a throid le cumhacht eile.  Cuir i gcás na ceardchumainn.  Bhí siad in ann conraithe níos fearr a bhaint amach ó na comhlachtaí móra.  Aon uair a oibríonn daoine le chéile (ag déanamh a dtola féin), agus meas ar an ndlí acu, is féidir cúrsaí a fheabhsú.  Chuaigh roinnt díobh ar strae ag iarraidh an córas caipitlíoch a scriosadh.  Ach níor éirigh sé leo, agus ní dhéanfadh sé sin ach dochar don phobal i ndeireadh an lae.  Go minic nuair a bhíonn deacrachtaí móra an tsaoil ag brú ar dhaoine, cuirtear an milleán ar an gcóras rialtais nó ar an gcóras eacnamaíocht, cé go mbeadh cúrsaí i bhfad níos measa gan iad. 

 

Tá sé suntasach go raibh lámh láidir i scriosadh an chumannachais sa Pholainn ag ceardchumann Dlúthpháirtíocht.  Ní bhíonn ceardchumainn ina sóisialaithe i gcónaí.    

 

Feicimis anois ar chúpla cás áirithe a cheaptar gur droch-shamplaí de fheidhm an chaipitleachais iad.  Cuirtear an saint i leith an chaipitleachais i gcónaí, mar dhroch-ghné de.  Ach i bhfírinne, is droch-ghné den duine sin, agus níl baint ar bith aige le córas eacnamaíochta amháin.  Bíonn saint ag gach aon deachtóir, freisin.

 

In am an Ghorta Mhóir, ní raibh maoin ag an ngnáthdhuine in Éirinn.  Goideadh an talamh díobh mar gheall ar chogadh agus ghéarleanúint.  An raibh saint ann?  Cinnte.  Ach an raibh an caipitleachas taobh thiar de?  Ní raibh.  Ní raibh meas ar mhaoin duine ná ar aon dlí a chosnaíonn duine.  Is féidir a rá go raibh níos mó airgid ag daoine i Sasana chun arbhar a cheannach, agus mar sin díoladh leosan é seachas leis na bochtáin.  Ach rinneadh a leithéid sin chun cáin ró-ard ó rialtas Shasana a íoc, agus rinneadh chun an talamh, agus córas na dtiarnaí talún a choimeád.  Díshealbhaíodh daoine nach raibh a dtalamh féin acu agus nach raibh an cíos acu.  Ach cén fáth?  Ní raibh talamh acu mar gheall ar an gcos ar bolg a bhí orthu.  Níor tharla mar gheall ar an gcaipitleachas.  Ní raibh tráchtáil chothrom ann idir na Sasanaigh agus na hÉireannaigh, ach cíos mar gheall ar choncas.  An bhfuair daoine gnó Shasana buntáiste as?  Cinnte.  Ach bheadh sé amhlaidh dá mbeadh córas ar bith ar siúl ann.  Fuair na Rómhánaigh buntáiste as gach concas a rinne siadsan, agus ní caipitleachas a bhí ann, mar a thuigtear inniu é.

Bhí cúrsaí tráchtála as a riocht mar gheall ar chosc a chur rialtas Sasana ar an allmhairiú.  Mar gheall ar fhás an gheilleagair i Sasana, bhí borradh ar líon na tionóntaí agus go dtí 1830 ar dhaonáireamh na hÉireann – rud a rinne an tubaiste níos measa nuair a theip ar an bpráta.  Is casta an stair seo, agus conspóideach.  Ach ní dhearna córas eacnamaíochta an tubaiste seo, rinne cúrsaí polaitiúla agus an nádúir é.

 

Cás eile is ea an sclábhaíocht.  Baintear feidhm as duine mar sclábhaí chun brabús a dhéanamh.  Sin saint.  Ach ní ionann sin agus caipitleachas.  Is iomaí tír ag a raibh sclábhaí iontu nach raibh an caipitleachas iontu mar gheilleagar.  An chuid ba mhó díobh, i bhfírinne – sa Róimh, san Afraic, san Araib Sádach, sa tSeapáin, sa Rúis, sa Ghearmáin…  Deachtóirí agus ríthe a bhíodh ann, gan meas ar aon duine mar ba chóir chun fíor-chaipitleachas a chur ar bun.  Nuair a tharla go raibh saoirse agus cearta ag an ngnáthdhuine i Sasana agus i Meiriceá, sin an uair a rinneadh deireadh leis an sclábhaíocht – cé go raibh sé an-deacair i Meiriceá.  Bhí an bua ag an chuid de Mheiriceá ina raibh an caipitleachas agus an tionscal níos láidre, sa chogadh cathartha sin, mar a tharla.

 

Cás eile is ea eachtraithe na gcomhlachtaí móra Meiriceánacha i Meiriceá Theas.  Bíonn a leithéid de Chavez á gcáineadh (agus ag déanamh gnó leo).  Bí cinnte, ní ionann tráchtáil agus an caipitleachas.  Is féidir le tír nó deachtóir ar bith tráchtáil agus brabús a dhéanamh.  Is féidir leis bheith flaithiúil, más maith leis, agus an t-airgead a roinnt leis na daoine coitianta, mar a dhéantar le hairgead ola i Veiniséala.  Ach an bhfuil margadh ann atá freagrach do na daoine?  An bhfuil saoirse agus cearta ann?

 

Rinne Royal Dutch Shell agus Standard Oil an tionscal ola i Veiniséala.  Thug Meiriceá margadh dóibh as – agus mar gheall ar sin, dhíol siad an méid ola ba mhó d’aon tír ag an am.  Thóg an stát seilbh ar an ola céim ar chéim, agus san iomlán in 1976.  Déanann an rialtas a thoil leis, agus leis an airgead.  Rinne an rialtas sin botúin a rinne dochar don tír agus do na daoine bochta go háirithe.  Rinneadh peitri-stát den tír, agus an cumhacht go léir ag an rialtas.  Geilleagar leatrom atá ann, mar ní dhearnadh iarrachtaí go leor chun codanna eile an gheilleagair a chothú, agus chaith an rialtas níos mó airgid ná fuair sé ón ola, agus nuair a thit praghas an ola, bhí fiacha móra ann.  An raibh na comhlachtaí móra ciontach as sin?  An caipitleachas?  Ní raibh, ar chor ar bith.  Ach is úsáideach an rud iad (agus na Stáit) mar sceilpíní gabhair.

 

Áiteanna eile, bíonn daoine mór le rá ann a thógann gach cumhacht áitiúil orthu féin, agus déanann siad gnó le comhlachtaí Meiriceánacha.  Ní bhíonn mórán le rá ag na comhlachtaí faoi.  Arb fhéidir leo brú a chur air na daoine seo chun a chearta a thabhairt do na bochtáin?  B’fhéidir, agus ba chóir – agus déantar, uaireanta.  B’fhéidir leis na comhlachtaí a gcuid gnó a dhéanamh le tíortha eile.  Bheadh sé sin níos costasaí, agus is dóchúil go mbeadh siad ag déanamh gnó le tír eile chomh dona mar an chéad cheann.  Agus an bhfaigheann daoine beaga ann aon leas as?  Go minic, faigheann.  Bíonn poist acu nach mbeadh ann gan na comhlachtaí seo.  Cinntí morálta atá i gceist.  An bhfuil an fhadhb ann mar gheall ar an gcaipitleachas?  Nó mar gheall ar shaint na ndaoine áitiúla?

 

Go minic, nuair a bhíonn an caipitleachas i réim, fiú go neamh-fhoirfe, bíonn feabhas le feiscint i dtír ar bith.  Cur i gcás an tSín.  An ndéantar rudaí olca ann?  Déantar.  An bhfuil cearta daonna ag na daoine ansin?  Ní bhíonn.  Ach ón uair a thosaigh siad ar bhóthar an chaipitleachais, tháinig feabhas ar shaol na ndaoine.  Is féidir leo a maoin féin a bhailiú, agus gnó a dhéanamh gan mórán cosc air.  Tá sé níos dóchúla nach dtógfaidh an rialtas a gcuid, mar feictear go bhfuil saibhreas na tíre á mhéadú mar gheall ar an saoirse eacnamaíochta.  An bhfuil cúrsaí foirfe?  Níl.  An bhfuil feabhas ann?  Tá.

 

Chun bheith chomh éifeachtach agus is féidir, agus chun bheith cothrom do gach éinne, sa lá atá inniu ann go háirithe, tá sé tábhachtach go mbíonn margadh saor ann idir tíortha an domhain.  Mura mbíonn an iomaíocht ann, ní oibríonn an margadh mar ba chóir, agus bíonn sé ró-éasca drochúsáid a bhaint as daoine.  Ach tá deacrachtaí ann a bhaineann leis sin, dar ndóigh.  Más féidir le tír éigin rud a dhéanamh ar chostas níos ísle ná tíortha eile, méadaítear maoin na tíre sin, ach ní bhíonn na jabanna sin sa tír eile níos mó.  I saol foirfe, bheadh jabanna nua ann, agus gnó nua le déanamh leis na daoine sin.  Uaireanta, tarlaíonn a leithéid.  Uaireanta bíonn ról ag an rialtas chun sin a chothú, nó chun cabhair eile a thabhairt do dhaoine.  Ach bíonn sé deacair do na daoine a chaill a jabanna i gcónaí.  Rud eile a bhaineann leis, sin brú cultúrtha a éiríonn as tráchtáil idir tíortha.  Tharlódh sin pé córas geilleagair a bheadh ar siúl, agus is rogha na ndaoine é.  Ach is tábhachtach do dhaoine i dtír ar bith smaoineamh ar an rud is ansa leo, agus gan a n-oidhreacht a scriosadh chun taitneamh a bhaint as na rudaí nua coimhthíocha.   Ach sin an saol nua-aimseartha mar atá.  Bíonn roghanna le déanamh nach mbíodh ann fadó – mar gheall ar an saibhreas a fuaireamar go léir mar gheall ar an gcaipitleachas.

 

Ní féidir leis an gcaipitleachas gach olcas an tsaoil a réiteach.  Is fadhb ar leith an t-ábharachas, mar shampla, cé acu deachtóir nó fear gnó atá thíos leis.  Ní bheidh Neamh ar thalamh riamh.  Agus mar aon rud eile, bíonn sé orainn comhréitigh a dhéanamh.  Ach i ndeireadh na dála, feictear go bhfuil an bua ag an gcaipitleachas mar chóras gnó, agus baineann sé le saoirse, sláinte agus saibhreas.