Le Séamas Ó
Neachtain
Feabhra 2003 (gach ceart ar cosnaimh)
Ní rud nua
é go bhfuil daoine ar fud an domhain in aghaidh polasaithe na Stáit Aontaithe
Meiriceá. Agus ní hé seo an chéad uair
riamh atá dí-mheas ag daoine ar uachtarán Meiriceánach (mar shampla, bhí
dí-mheas an domhain ag soiscialaithe ar Ronald Reagan). Ach go bhfios dom, ní fhacthas dí-mheas
chomh binbeach uafásach ar aon uachtarán eile riamh mar atá le feiscint san lá
atá inniu ann ar George W. Bush. Cén
fáth go bhfuil an Saol ar buile faoisean?
Banfaidh mé triall as freagra a chur síos anseo.
Tá mórán
cúiseanna ann atá an-mhór le ‘liobrálaithe,’ nó ‘an Lucht Forásach.’ Ní maith leo i gcoinne a dtoil maidir le
cúrsaí gnéis go háirithe. Is é an
ginmhilleadh an cúis is mó leo, mar go minic is é an rud nach bhfuil an grúpa
‘maraim agus is cuma liom faoi shlí bheatha mo chomarsana’ glacadh leis, mar
téann sé ‘thart an líne.’ Is féidir leo
bréagacha a insint faoin ngrá mar cúis leis an ‘saor-ghnéas,’ ach is léir nach
bhfuil baint ar bith idir an ghrá agus an ginmhilleadh. Is críostaí é GWB, agus tá a chreideamh aige
I ndáiríre. Seasann sé in aghaidh an ghinmhillte. Dá mbeadh sé ina uachtarán roimh na
seascaidí, bheadh áthas ar an saol mór faoi seo. Ach de
réir a chéile, chuaigh an saol ar strae.
Mar le beagnach gach fáth eile gur fuath leis an Lucht Forásach GWB, bhí
an mhalairt de dhearcadh go díreach ag Bill Clinton, a réamhtheachtaí. Agus dar ndóigh, bhí a bhua san olltoghchán
I gcoinne Al Gore an-bhinbheach agus tá a naimhde i Meiriceá ar buile fós faoi
sin.
Tá GWB i
gcoinne rud eile, nach féidir ach rud is mian leis an Lucht Forásach, sin a rá
an pósadh idir beirt fhear nó beirt bhan.
Tá dearcadh coimeádach aige maidir leis an teaglach. Is fearr leis an staonadh ná an coiscín, agus araile. Díreach ina mhalairt ón ‘I never had sex with that woman’ Bill
Clinton, muirnín de lucht an ‘mhoráltacht nua.’ Is fuath leo GWB mar gheall ar na rudaí seo.
Ghlac Bill
Clinton leis an idé gur ceart é do Mheiriceá lean leis an Náisiúin Aontaithe i
gcónaí. Ghlac seisean le beagnach gach
rud ar mhian leis na hEorpaigh (go háirithe), mar shampla an Conradh
Kyoto. Chonaic an tSín agus tíortha
eile a seans chun a dtoil a fháil ó Mheiriceá sa dhóigh seo, agus nar mhiste le
Bill Clinton é sin. Cheap sé go raibh
sé ag obair ar son na haontachta, agus ba é sin an rud ba mhó leis. Nuair a tháinig GWB I réim mar uachtarán,
chonaic sé go soiléir an botúin a rinneadh leis an gConradh Kyoto, agus
diúltaigh sé é. Rud olc do Mheiriceá
atá ann, agus ní dhéanfadh sé maitheas don domhan ach oiread. Chonaic na hEorpaigh an bheart seo mar
bhrath fealltach. Ach níorbh ea.
Ach bhí an droch-chlaonadh acu cheana.
Mar is gná leis
an Lucht Forásach, ceapann siad go bhfuil siad níos uaisle, níos cliste, níos
eolaí ná aon duine eile, go háirithe duine as Texas. I gcónaí sna nuachtáin bhí scéalta ann faoi cé chomh dall agus
útamálach atá GWB. Cloistear chomh minic a leithéid,
gur éirigh leo sliocht mór daoine a chothú gan éisteacht ar bith a thabhairt do
GWB. Is diabhal agus amadán é – ná bac
leis, a deir siad I gcónaí. Agus is
iomaí duine a d’éist leis an raiméis seo, mar bíonn daoine leisciúil, agus is
rí-mhinic nach miste leo ach taobh amháin d’aon scéal a chloisint, go háirithe
nuair nach mbíonn ach an scéal céanna sin sa nuacht. Bíonn grúpa mór ‘useful idiots (amadáin úsádeacha)’ ann i gcónaí,
mar a thug Stalin orthu.
Agus faoi
dheireadh anois, cé nach raibh mórán dá naimhde chomh dána agus a ndímheas a
thaispeánt i rith na heachtraí 9/11, bhí cuid acu ag cuir síos ar a dtuairimí
faoin bhfáth gur ionsaí na sceimhlitheoirí sinn. Tá GWB agus na Stáit ró-mhór le Iosrael. Sea, mar is gná sa saol seo, dar leis an
iomarca daoine, is iad na Giúdaigh a bhíonn cionsiocair le gach fadhb atá
ann. Sea, is fuath leis an lucht céanna
liobrálaithe Iosrael. Is fearr leo na
Palaistínigh agus ‘na hArabaigh Bochta.’
Tá sé ar nó cuma leo an stair agus firicí an scéil (féach ar an alt eile
uaim faoi Iosrael), is fuath leo Iosrael, agus dar leo, nar bheadh Iosrael ann
dá mbeadh Meiriceá taobh thiar de.
Is minic go
mbíonn an Lucht Forásach idirdhealú a dhéanmh idir coirpigh agus laochra. Is maith leo daoine mar Fidel Castro, Robert
Mugabe agus a leithéid. Tá sé ar nós
cuma liom acu rud ar bith a dhéanann a leithéid, ach amháin go lábhraíonn siad
go breá, go háirtihe faoina daoine bochta.
Bíonn daoine mar GWB ag caint faoin saol mar atá, seachas an saol mar a
labhraítear faoi go deas. Agus is fuath
leo nuair a theaispeánann éinne gur bréaga iad na rudaí a chreideann siad.
Mar duine
den phartaí Poblachtach Meiriceá, tá GWB
i gcoinne an Sóisialachais mar rud.
Ach is é an rud is ansa le mórán daoine san Aifreac, san Eorap, agus
gach cearn den domhan. Dar ndóigh, ní
maith leis an cumannachas, agus tá na deacreachtaí céanna ann idir na Stáit
agus an tSín, an Coiréa Thoir, agus araile.
Ach mar atá le tamall fada anois, bíonn na daoine mór le rá ina leadhbanna maidir leis an
sóisialachas. Cé nach ndéanann sé gnó,
is fuath liom éinne nach nglacann leis mar shlí bheatha.
Agus ní
féidir a bheith cuimsitheach gan trácht a dhéanamh ar an ngnáth-éad atá ann ar
fud an domhain i leith Meiriceá. Is é
Meiriceá an tír is cumhachtaí sa domhan, an tír ag a mbíonn an tioncar is mó ar
gach tír eile, go minic níos mó ná ab áil le daoine. Ach is é a rogha féin é sin, d’aithneoin an cacamas a bhíonn an
Lucht Forásach ag aiséag ar an ábhar seo.
Is fuath leo Meiriceá, agus mar sin is fuath leo GWB. Is coirpigh iad lucht MacDonalds, dar
leo. Is fuath leo an caipitleachas (cé
go n-itheann siad na burgers).
Tugann GWB
‘olc’ ar rudaí olca, agus deireann sé go díreach é. Ní maith le lucht an taidhleoireachta seo, agus ní maith le na
tíortha olca seo ach oiread! Ach rinne
Ronald Reagan an rud céanna, agus tá an-chosúlacht idir GWB agus RR. Fir láidre iad, a bhíonn ag obair chun leasa
a dtír agus leasa an domhain a chur chun chinn i gcónaí. Agus ba fuath leis an Lucht Forásach RR freisin. Is trua
nach n-admhaíonn siad go raibh siad mícheart ar fad faoi Reagan. Ach ní féidir leis an ’intelligensia’ seo a bheith mícheart faoi rud ar
bith.
Mar sin, níl aon
fhéinsmacht orthu siúd droch-chaint a thabhairt ar GWB i gcónaí. Maidir leis an gCogaidh leis an Iaráic, dar
leo, ní Bush ach amadán, agus ba mhian leis ola na hIaráic. Is cuma cad iad na firicí sa chás.
Is fuath leo é, agus is seans é seo chun an rud a theaispeánt dó. Ach leanann GWB leis, ag iarraidh cosc a
chur ar an sceimhlitheoireacht, agus ag iarraidh an rud ceart a dhéanamh. Bíonn an Lucht Forásach, agus go háirithe an
Náisiúin Aontaithe, ag cur gach rud ó chríoch, le féin-fhrithrá agus
dallamullóg. Agus bíonn an t-amadán sin
Bush ag féachaint an saol go soiléir, agus is mór an trua nach dtabhraíonn an iomarca
daoine seans ar bith dósan ná dá thuairimí.
Tá mórán daoine an sna Stáit a thuigeann, agus a dtugann tacaíocht dó –
an chuid is mó den tír. Agus tá cairde
go leor aige agus ag na Stáit ar fud an domhain, daithneoinn a bhfeictear ar an
dteilifís. Inseoidh an stair cé chomh
maith a bhí sé mar threoraí agus mar uachtarán. Beannacht Dé air.