Toradh Buartha

 

le Séamas Ó Neachtain

11/04

 

Tá Lá an Bhrátha ann, dar le daoine áirithe, agus an diabhal féin sa Teach Bán, dar leosan.  Scríobhtar finscéalta faoi fhear tuí ar a dtugtar George W. Bush, agus creidtear gach a scríobhtar.  Tá galar intinne ar siúl, agus tá sé ag brú an loighic is an réasún faoi chos.

 

Creideann lucht forásach seo nach féidir le duine daonna, nach bhfuil ina ghealt, tuairim eile, seachas a gcuid féin, a ghlacadh.  Ní chloistear ina measc ach “fíricí an tsaoil,” dar leo.  Is “Stair an Fhoráis,”  cosúil leis an méid seo leanas, atá acu.

 

Ag an dtosach, tharla cúrsaí craicinn.  Ach ní raibh saoirse cheart ann go dtí an uair a glacadh leis an nginmhilleadh.  Leis an saoirse ann faoi dheireadh, ba chuma cé leis a rinneadh cúrsaí gnéis, pé fear nó bean a bheadh i gceist.  Agus mura mbeadh na Néandartáil a bhíonn ag iarraidh cearta nádúrtha seo a chosc, ní bheadh cogadh nó gorta ann sa saol seo.  Dar ndóigh, is é an reiligiún é atá bun agus barr de gach fadhb a chuireann isteach orainn.  Ach ní ionann gach creideamh.  Más Críostaí tú, bhuel, sin an peaca is measa atá ann!

 

Áiféis?  B’fhéidir.  Ach ní bhíonn an dlí-eolaíocht mhíochaine gan locht.  Fág é sin mar atá.  Bímis ag smaoineamh ar an ngalar féin.

 

Le blianta fada, bíonn an corr-chás ann.  Ach ba é an rud a chur an eipidéim ar siúl ná deireadh thréimhse Bill Clinton sa Teach Bán.  Sea, bhí a bhfear acu ansin.  Ghlac sé le toil na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta de ghnáth.  Bhí sé mór leis an nginmhilleadh, an homaighnéasacht, is, bhuel, leis an ngnéas!  Ghlac sé le Iassar Arafat mar státaire iontaofa.  Réitigh sé gach fadhb in Éirinn, mar shlánaitheoir.  Fear na síochána a bhí ann.  (Ná bígí ag caint faoin Seirbia, Háití, chúpla diúracán sa Súdáin is san Afganastáin…)  Nuair a bhí Bill ann, ní raibh na Stáit chomh dána agus a bheadh, gan na Sóivéidigh ann mar meáchan cothromaithe orthu.  Bhí Al Gore ní ba liobrálaí fós, agus cuireadh an óla air mar bhronntanas ón nádúr chugainn.  Ansin, tharla an tubaiste.

 

Fuair na Néandartáil is a gcairde (na Giúdaigh, dar le daoine áirithe) laoch in George W. Bush.  An fear dubh féin, agus adharca air.  De ghnáth, bhí malairt de thuairimí lucht an fhoráis aigesean.  Conas ab fhéidir do dhuine smaoineamh mar sin?  Nach bhfuil sé ina chónaí sa saol seo?  Socraíodh gur amadán é.  Agus Críostaí!  Socraíodh go raibh sé ar intinn aige cosc a chur ar gach is ansa linn!  Níor ghlac sé le toil na dtíortha beaga!  Is fear dainséarach é.  Creidtear go bhfaigheann sé treoir ón ndia ina cheann – agus na nua-choimeádaithe (na Giúdaigh).  Ba mhaith leis an saol a scriosadh!  Muise, tuigeadh gach rud faoi sula ndúirt sé rud ar bith.  Agus ansin – blás Texas aige!  Agus rith focail go minic!  Níorbh fhiú do dhuine ar bith meas a thabhairt ar a leithéid.

 

An fear bocht, tharla timpiste – nó cúiteamh – i Nua-Eabhrac – agus thosaigh sé cogadh!  Agus bhí gnó sásúil ar siúl san Iaráic – go dtí gur thosaigh sé trioblóid eile!  Buíochas leis an ndomhan gur sheas na tíortha sibhialta ina choinne!

 

Agus an lucht ceartchreidmheach ag tnúth le faoiseamh, tharla tubaiste ní ba mheasa ná ceann ar bith roimhe seo.  Le gach a cumadh is a creideadh faoi, agus solas an tsaoil (agus soilsí na hEorpa) mar threoir acu, roghnaigh na Meiriceánaigh don athuair é!  Sea, is cinnte go bhfuil breis is leath na Meiriceánaigh ina n-amadáin!  Ní míniú eile ann. 

 

Sin a smaoinítear.  I rith an ama seo, mhínigh George W. Bush gach a rinne sé.  Bhí daoine ar fud an domhain sásta lámh cúnaimh a thabhairt dó.  Thug sé saoirse do na milliúin daoine.  Bhí sé ina fhear daonna, seachas a fhear tuí.  Ach níor thug lucht an ghalair faoi dearadh é.  Chum siad scéalta ní ba chasta is ní ba uafásaí faoi, chun an scéal a mhíniú dóibh féin.  Nuair a bhíonn córas na mbréag ann, is gá i gcónaí ceartuithe is mínithe a dhéanamh, nó thitfeadh an dian anuas.  Tá sé cosúil le ‘Sit-Com’ na teilifíse.  Is minic go mbíonn sé seo níos deacra a dhéanamh ná an fhírinne a ghlacadh.  Ach bhí an iomarca infheistithe ann chun é a athrú anois, gan náire.  Agus tagann an fuath agus an cuthach as an uirísliú, de ghnáth.  Éiríonn gach a ndeir siad níos histéirí is níos nimhní.  De réir a chéile, glactar le gach saghas ruda neamhréasúnta.  Is Cuma faoin loighic, is é an cúis is tábhachtaí.

 

Mar sin, agus an galar i mbarr a réime faoi láthair, tá sé coitianta a leithéid de seo a leanas a léamh nó a chloisteáil.  Is ionann George W. Bush agus Osama Bin Laden.  Is ionann é le Hitler.  Ba mhaith leis ríocht a dhéanamh sna Stáit.  Is breá leis cogaí. Is Cuma leis faoi na bochtáin.  Tá rialtas difriúil ann i Meiriceá, gan aon daonlathas.  Is saghas Napoleon é (Úps!  Ní raibh locht ar Fhrancach riamh!).  Tá an saol ar fad ina choinne.  Is maith leis Arabaigh a céasadh is a mharú…

 

Ní fheictear a leithéid mar an fíor-chacamas atá ann, má tá an galar ar dhuine.  Creideann na daoine sin gur na daoine is cliste agus is eagnaí ar domhan iad, agus gur amadáin iad na daoine nach ndéanann a dtoil.  Agus sin an rud.  Iad siúd a chreideann go bhfuil siad leathan-mheabhrach, tuisceanach, aithneach ar an saol, ar son na síochána, agus go dtugann siad cothrom na Féinne do chuile dhuine – is a mhalairt de sin iad, agus ní fheiceann siad é, mar gheall ar an ngalar.  Dúnta ina n-earráidí, ina saol féin-chumtha, ag mún ar Mheiriceá mar shlí bheatha anois, ach ag smaoineamh fúthu féin mar na fíréin.  Beagnach mar rud as Dante, nach ea?

 

Ach an bhfuil leigheas ann?  Sin an cheist.  Is minic gur chuala mé go gceapann 75% de na tiománaí atá ann go dtiomáineann iad níos fearr ná an meán.  Ní mór do dhuine atá thíos leis an ngalar seo féachaint ar fhíricí sa réaltacht, seachas ar scéalta a gcairde faoin saol.  Tá an t-eolas ar fáil óna foinsí féin, dar ndóigh.  Ní mór don duine sin an loighic a ath-fhoghlaim.  Má tá rud difriúil le rá ag duine, ní ionann sin agus bréag.

 

Bhí ceannteidil i nuachtán Sasanach (agus a mhacalla i gceann Éireannach) ag ceistiú, “conas is féidir le caoga milliúin Meiriceánaigh bheith chomh amaideach?”  Nárbh fhiú éisteacht leis na Meiriceánaigh seo chun an scéal a thuiscint, seachas cas eile a chumadh do bhréagscéal lucht an fhoráis?  De réir dealraimh, ní fiú, mar táthar ag cumadh scéalta faoin bhfáth gur bhuail George W. Bush an t-olltoghchán – mar gheall ar a chuid fuatha do na homaighnéasaigh!

 

 Má glacann duine leis go bhfuil tuairim fiúntach eile ann sa saol, sin tús an fheabhais.  Ceapann mórán daoine gur náireach é bheith mícheart faoi rud ar bith – gan trácht ar a bheith mícheart faoi beagnach gach rud.  Tagann cuthach as an uirísliú, mar a dúirt.  Agus fuath.  Agus leanann siad ar aghaidh ag bréagnú na fírinne.  An mbeidh duine de lucht an ghalair cróga go leor chun an chéad chéim chun bisigh a thógáil?  Feicfear.