An Buama Adamhach                                                     le Séamas Ó Neachtain

 

Mí Lúnasa i mbliana bhí seasca bliain thart ón uair a pléascadh na buamaí adamhach sa tSeapáin.  Cinneadh casta conspóideach a bhí ann chun an buama seo a úsáid.  Cinneadh deacair a bhí ann roimhe sin ag na heolaithe a chum an teicneolaíocht nua seo.  Rinneadh machnamh domhain ar gach aon cheist a bhain leis,  agus mórán daoine an-eagnaí á dhéanamh.  Rinne siad a ndícheall chun an rud ceart a dhéanamh.

 

Timpeall chothrom an lae, is iondúil go ndéantar machnamh eile ar na heachtraithe seo, agus is ceart agus cóir sin.  Is minic sa lá atá inniu ann, go mbíonn daoine ann nach bhfeiceann ach olcas in aon rud a rinne cumhachtaí móra an iarthair, na Stáit go háirithe.  Tá daoine eile ann sna hollscoileanna a bhíonn ag ath-scríobh na staire de réir a gcuid tuairimí polaitiúla, nó a cheapann go mb’ionann meon na haoise seo agus meon na haoise sin.  Is minic a deirtear go bhfuil cosúlachtaí ann idir úsáid  an bhuama sin agus eachtraí eile – agus is minic a dhéantar mí-úsáid as na comparáidí sin.   Is casta an scéal é, d’ainneoin na míniúcháin simplí a thugtar go rí-mhinic.  B’fhiú tamall a chaitheamh ag féachaint ar an scéal arís, agus arís eile, chun é a thuiscint – más féidir é a thuiscint i gceart riamh.  Braitheann stair an domhain ó shin ar na socruithe seo a rinneadh san aois sin.

 

Ba réabhlóid thuiscint an Duine í nuair a d’éirigh sé ar Einstein agus daoine ina dhiaidh gur ionann ábhar na cruinne agus an fuinneamh.  Ní raibh sé i bhfad sular cheapadh ar an bhféidearthacht gurb fhéidir iad a mhalartú ó stáid go stáid.  Tarlaíonn sé sa ghrian, d’éirigh sé orthu.  De réir a chéile, agus na heolaithe ag obair ar mhórcheisteanna na fisice, fuarthas cumhacht an neutron, agus é in ann dul tríd na codanna eile den adamh.  Fuarthas an scoilteadh adamhach, agus féidearthacht an fhrithghníomhaithe shlabhraigh.  Tharla go raibh an t-eolas go léir seo ann fiú in 1938.  Bhí a fhios ag eolaithe áirithe cheana féin go mb’fhéidir leo buama adamhach a dhéanamh ar ball, agus go mbeadh sé uafásach cumhachtach.  Nuair a chonaic an saol é, bhí a fhios ag gach éinne nach raibh aon rud mar a bhíodh, go háirithe an cogadh.  Bhí sé chomh tábhachtach le fionnachtain ar bith eile sa stair.  Thosaigh sé aois nua – an Aois Adamhach.  Foinse nua fuinnimh agus cumhachta, agus foinse nua báis, baoil agus imní.  Agus b’fhéidir, dóigh chun deireadh a chur leis an gcogaíocht go deo, faoi dheireadh, measadh.

 

Bhí imní ar gach aon eolaí, sa Ghearmáin agus i Meiriceá, faoin gcumhacht seo.  Osclaíodh bosca Phandóra, agus ní raibh leigheas air.  Mar sin féin, bhí sé uafásach suimiúil agus corraitheach.  Roinntear gach eolas ag an am sin idir na heolaithe go léir.  Ba theaghlach idirnáisiúnta iad.  Ach nuair a thosaigh an cogadh, ní raibh an mhuinín chéanna acu ar a chéile, agus ní raibh a fhios ag na heolaithe a bhí i Meiriceá faoi aon rud a bhí ar siúl san Eoraip (cé gur dídeanaithe Eorpacha an móramh díobh féin).  Bhí imní orthu siúd a bhí lasmuigh den Ghearmáin, go mbeadh na Gearmánaigh ag obair ar an mbuama seo.  Cheap siad go mbeadh sé i bhfad níos fearr don domhan go mbeadh an buama seo ag na comhghuaillithe seachas na Naitsithe.  Ní raibh amhras orthu go mbeadh an buama ag tír éigin sul i bhfad.  Ní raibh amhras orthu go n-úsáidfear é gan trócaire má bhíonn sé ag na Naitsithe.  D’iarr siad ar Roosevelt buama a dhéanamh, agus tosaíodh an tionscadal Manhattan.   Bhí na Sasanaigh agus na Francaigh ag cabhrú leis, maraon le go leor eolaithe a tháinig go Meiriceá as tíortha eile mar gheall ar na Naitsithe.  Foireann idirnáisiúnta a bhí ann, faoi stiúir Mheiriceá.

 

Bhí a fhios acu go raibh eolaithe sa Rúis ag a raibh mórán eolais faoin bhfisic nua, freisin, ach mar gheall ar an íde a fuair na heolaithe ansin, agus an rialtas cruálach a bhí ann faoi Stalin, níor cheap siad go raibh baol ann uathu.  Agus nuair a bhí an cogadh faoi lán-seol, bhí na Rúisigh ina gcomhghuaillithe.  Bhí a fhios ag tíortha an iarthair go raibh rialtas na Rúise go han-dona ar fad, agus gur mhian le Stalin an réabhlóid domhanda cumannach.  Ní raibh Meiriceá nó Sasana an-sásta eolas rúnda a roinnt leo.    Ní raibh a fhios ag na comhghuaillithe eile i gceart ag an am go raibh na cumannaigh chomh measa leis, nó ní ba mheasa ná na Naitsithe, ach bhí amhras go leor ann fúthu.  Mar sin féin, tugadh mórán cabhair dóibh chun troda i gcoinne na Gearmánaigh.  Ach níor inis Roosevelt aon rud do Stalin faoin mbuama go Potsdam in 1945.  D’inis sé dósan agus do Churchill go raibh arm nua ollchumhachtach ag Meiriceá.  Dúirt seisean go raibh súil aige go n-úsáidfear é i gcoinne na Seapánaigh go luath.  Thug Churchill a chead dó freisin.  Níor cheap Roosevelt gur thuig Stalin go hiomlán cad a bhí i gceist aige, ag an am.

 

I ngan fhios dó na heolaithe lasmuigh den tír, bhí doicheall ar na heolaithe a b’fhearr sa Ghearmáin buama adamhach a dhéanamh do na Naitsithe, agus cé go ndearnadh obair air, agus go raibh dul chun chinn déanta, ní raibh seans ann go mbeadh buama acu roimh deireadh an chogaidh.  Nuair a bhí an cogadh thart san Eoraip, chonacthas nach raibh an baol ann mar a ceapadh.  Ach mar sin féin, bhí na billiúin dollar caite ar an tionscadal seo, agus bheadh sé tábhachtach go mbeadh an buama ag na tíortha ab iontaofa roimh aon tír eile – agus bheadh sé ag tír éigin sul i bhfad.  Agus ceapadh go mbeadh gá leis chun deireadh a dhéanamh leis an gcogadh i gcoinne na Seapáine.  Leanadh ar aghaidh leis.

 

Ní raibh gach éinne cinnte go n-úsáidfear an buama ar dhaoine le fada.  Bhí a fhios ag roinnt daoine nach ndéanfadh arm mura n-úsáidfear é.  Cheap daoine áirithe go dtaispeánfadh don saol a phléascadh, agus go mba leor sin chun an cogadh a stadadh.  Ach bhí fadhbanna leis an bplean sin.  Bhí seans mór ann nach n-oibríodh an buama – go mbeadh sliogán marbh, nó ‘dud’ ann.  Cheap daoine áirithe eile nach mbeadh éifeacht mór ann mura n-úsáidfear ar targaid mhíleata é.  Agus bhí daoine eile réasúnta cinnte dá dtaispeánfadh do na Seapánaigh é, chuirfeadh siad príosúnaigh chogaidh na gcomhghuaillithe in aice le gach aon targaid sa tír.  Socraíodh nach ndéanfar aon taispeántas sula n-úsáidfear é ar thargaid mhíleata.

 

Bhí cogadh uafásach ann le blianta roimh Lúnasa 1945.  Rinne na Seapánaigh agus na Gearmánaigh rudaí uafásacha, agus níl amhras ar aon duine gur choireanna iad.  Thosaigh na Seapánaigh an cogadh le Meiriceá nuair a bhuaim siad Pearl Harbor, agus cé go raibh an cogadh caillte acu, bhí siad ag troid chomh tréan agus a b’fhéidir leo, an camacasaí san áireamh.  Bhí a fhios ag gach éinne go mbeadh siad ag troid go dtí bás an fhir dheireanaí.  Bhí plean ann chun ionsaí a dhéanamh ar mhór-oileáin na Seapáine, agus ceapadh go gcaillfeadh na céadta míle duine, idir Mheiriceánaigh agus Sheapánaigh, sibhialtaigh san áireamh.  Mar a rinneadh san Eoraip, scaoileadh buamaí ó eitleáin ag scriosadh na gcathracha.  Rinneadh an-dochar do Tóiceo go háirithe.  Ach níor ghéill na Seapánaigh.  B’amhlaidh a bhí sé sa Ghearmáin, agus beartas ‘talaimh ruadhóite’ acu.  Agus bhí níos mó mórchúise ag na Seapánaigh fiú ná mar a bhí ag na Gearmánaigh.

 

Bhí géilleadh gan choinníoll an-tábhachtach do na comhghuaillithe.  Cuspóir an chogaidh a bhí ann.  Ceapadh nach mbeadh fíor-shíocháin ann gan é.  Bheadh feall-chogadh eadarnaíoch ann gan é.  Ní bheadh deireadh glan don chogadh gan é.  Agus gan aon agó, bhí sé tuillte ag rialtas na Seapáine.  Bhí seans ann, trí mheán na Rúiseach, go mbeadh géilleadh ann, roimh Mhí Lúnasa.  Ach níor éirigh sin leo, mar gheall ar leisce na Rúiseach, agus mar nach raibh na Seapánaigh sásta géilleadh gan choinníoll.  Mar sin, nárbh fholáir nó go mbeadh  briseadh glan orthu.

 

Maraíodh na céadta míle sibhialtach mar gheall ar bhuamaí coinbhinsiúnacha ar fud an domhain roimh an am seo.  Thosaigh a leithéid de shlad sa chéad chogadh domhanda, agus tharla sé go rialta sa chogadh seo.  Ní raibh aon rud ann mar bhuamáil cruinn, sa chiall ina cheaptar air inniu.  Ní raibh sé mar aidhm ag na comhghuaillithe sibhialtaigh a mharú d’aon ghnó.  Ach tharla, mar bhíodh na monarchana airm sna cathracha, agus sibhialtaigh ag obair iontu, agus ina gcónaí ina dtimpeall.  Sa tSeapáin, bhí mná agus daoine an-óga ag obair iontu.  Múineadh dóibh conas a throid le pící, i gcoinne na Meiriceánach a bheadh ag teacht dá n-ionsaí.  Bhí roinnt de na sibhialtaigh ag obair ar son an chogaidh.  Agus dar ndóigh, bhí mórán daoine neamhchiontacha ann chomh maith.  Bíonn sé amhlaidh i rith cogaidh.  Tharlaíodh sé go minic sa stair, go háirithe nuair a cuireadh léigear ar chathair.  Bíonn an cogadh uafásach cruálach. 

 

Rinneadh socrú leis na Rúisigh in Iálta go ndéanfadh siad cogadh ar an Seapáin nuair a thitfeadh rialtas na Gearmáine.  Nuair a bhí an cogadh thar san Eoraip, chonaic na comhghuaillithe eile go tapa nach mbeadh na Rúisigh ag imeacht ó na háiteanna ina raibh siad san Eoraip.  Bhí imní orthu faoin Seapáin, ach ní raibh aon dul as acu mar gheall ar an socrú a rinneadh.  Agus ceapadh go raibh cabhair na Rúiseach de dhíth orthu chun deireadh a dhéanamh den chogadh i gcoinne na Seapáine.  D’fhógair na Rúisigh cogadh ar an Seapáin ar 8 Lúnasa, idir Hioróiseama agus Nagasacaí.  Níor chabhraigh siad sa troid, i bhfírinne.  Ach thóg siad an Chóiré Thuaidh agus Mainsiúirea sa tSín.

 

Bhí a fhios ag Trumann, a bhí ina uachtarán nuair a bhí an buama ullamh, bhí a fhios aige go maróidís mórán sibhialtaigh leis an mbuama nua seo.  Ach bhí a fhios aige freisin go sábhálfaí i bhfad níos mó daoine mar gheall ar a mbás.  Ba é sin an cinneadh ba dheacra a rinne aon duine riamh, b’fhéidir.  Agus rinneadh.

 

Ar 6 Lúnasa, 1945, scaoil an Enola Gay an Buachaill Beag, a phléasc thar Hioróiseama.  Mharaigh sé timpeall daichead míle duine i nóiméad amháin.  Dúirt an piolóid, Paul Tibbets, dúirt sé riamh ina dhiaidh sin nach raibh aon aiféala air, agus go ndearna siad an rud ceart, cé chomh uafásach agus a bhí sé.  Bhí sé riachtanach chun an chogadh a chríochnú, agus daoine eile a shábháil.  Tuigeann an gnáthdhuine Meiriceánach sin fós.

 

Níor thuig na Seapánaigh ar dtús cad a tharla.  Ansin, cheap siad nach raibh ach ceann amháin ag a namhaid.  Iarradh orthu roimh an mbuama agus ina dhiaidh géilleadh sula ndéanfadh ionsaí rí-uafásach orthu.  Fós, níor ghéill siad.  Ansin, ar 9 Lúnasa 1945, scaoileadh an dara buama, an Fear Ramhar, thar Nagasacaí.  Ní raibh a fhios ag na Seapánaigh nach raibh fiú buama amháin eile ag Meiriceá.  Rinne an ceann sin an gnó.  Chinn an t-impire féin ar ghéilleadh.  Rinneadh géilleadh gan choinníoll cúig lá ina dhiaidh Nagasacaí, agus críochnaíodh an cogadh.

 

Tar éis an bhirt a thuigtear, mar a deirtear.  Ar dtús, go coitianta, bhí áthas ar dhaoine, mar bhí an cogadh thart faoi dheireadh.  Rinne an buama gnó.  Bhí áthas ar dhaoine go raibh an teicneolaíocht is soifisticiúla ar domhan ag Meiriceá.  Ach go luath ina dhiaidh, d’fhoghlaim an ghnáthdhuine cé chomh huafásach a bhí sé.  Thosaigh daoine bheith imníoch faoin rud ba cheart a dhéanamh leis, faoi na himpleachtaí go léir.   Bhí a fhios ag na heolaithe go mbeadh rás arm ann tar éis phléascadh an bhuama, agus tharla.  Níos conspóidí ná an buama úráiniaim seo a bhí an buama hídrigine, nó an ’Super.’   Níor shocríodh ar an gceann sin a dhéanamh, cé go raibh a fhios acu gurb fhéidir é sin, go dtí an uair go raibh a fhios ag na Sasanaigh go ndearnadh spiaireadóireacht orthu agus go raibh mórán eolais ag na Rúisigh faoin mbuama – agus faoin ’Super,’ fiú.  Agus fuair na Meiriceánaigh fianaise gur phléasc na Rúisigh buama adamhach in 1949.

 

Is é an baol is mó dá raibh ann riamh, an buama.  Agus ag an am céanna, is é an áis is éifeachtúla a bhí ann riamh chun cogaidh a chosc.  Ní féidir gach cogadh a stadadh, dar ndóigh, agus bíonn fadhbanna eile ann d’ainneoin an chumhacht seo bheith ann – agus mar gheall air.  Sin an saol mar atá.  Tá an chumhacht ann chun an domhan ar fad a scriosadh, agus gach aon duine a mharú.  Agus tá an chumhacht chéanna in ann gach aon duine a shábháil.  Buíochas le Dia go deo nach raibh agus nach bhfuil an chumhacht sin ag daoine olca amháin.

 

Scéal eile ar fad, agus scéal fada, is ea scéal na ndaoine a bhí agus atá i gcoinne an bhuama, Einstein féin ina measc (cé gur iarr seisean ar Roosevelt an tionscadal sin a thosú).  Ach thuig rialtas Meiriceá an baol Rúiseach.  Thuig na heolaithe a lean ar aghaidh le buamaí a dhéanamh, thuig siadsan go mb’fhearr don domhan an chumhacht is mó bheith ag na Meiriceánaigh agus a gcairde, Saol na Saoirse, ná go mbeadh an lámh in uachtar ag tíoránaigh an tSaoil Chumannaigh.  Ní úsáidfidh na Stáit Aontaithe nó a gcairde an buama gan a úsáid roimhe sin ag namhaid.  An tsíocháin trí mheán na cumhachta, sin an tuiscint.  Is iontach an rud é nach bhfuil an tír is cumhachtaí ar domhan sásta droch-úsáid a bhaint as an gcumhacht sin. Agus níor úsáideadh buama adamhach riamh ó shin i gcogadh, mar gheall ar bhagairt an díoltais atá ann.  Buíochas le Dia.  Agus slán mar a n-insítear é. 

 

 

Foinsí eolais:

 

Brighter Than a Thousand Suns (Heller Als Tausend Sonnen) – Robert Jungk

http://www.theenolagay.com/ - Enola Gay and the bombing of Hiroshima in World War II

Hiroshima – John Hersey

http://www.atomicmuseum.com/ - National Museum of Nuclear Science and History

http://www.nydailynews.com/front/story/334722p-285839c.html - Hiroshima survivor Tomiko Morimoto West