Cad Tá Abu Ghraib ag Insint Dúinn?

le Séamas Ó Neachtain

 

 

Mar atá a fhios ag an saol, tharla rudaí uafásacha ag an bpríosúin Abu Ghraib san Iaráic, agus Meiriceánaigh ina bhun.  Dar ndóigh, níor tharla a leithéid den chéasadh a bhíodh ar siúl nuair a bhí Saddam i réim.  Bhí droch-chlú an domhain ar an áit céanna sular tháinig na Meiriceánaigh.

 

Tá na mílte scéalta sa nuacht faoi mhí-úsáid na gcimí ann, agus níl stad ná staonadh orthu.  Tharla nach raibh na hoifigigh mhíleata ag déanamh jab ceart ann, agus ní raibh siad ag coimeád srian ceart ar na saighdeoirí a bhí i mbun na gcimí Iaráiceach.  Agus bhí saighdeoirí páirt-aimsire ann, gan mhúineadh ceart, mar ghardaí. 

 

Rinne scata beag saighdeoirí rudaí náireacha do na cimí, chun cabhair a thabhairt do na daoine a bhí dá gceistiú (dar leo), agus as siocair go raibh cumhacht gan teorainn acu ar na daoine bochta seo.  Agus cheap siad, dar leo, gur sceimhlitheoirí agus daoine an-olc iad na cimí céanna.

 

Anois, tarlaíonn rudaí mícheart i gcónaí  i rith cogaidh.  Nuair a tharlaíonn, bíonn pionós ar na daoine a rinne.  Sin mar atáthar á dhéanamh san arm Meiriceánach.  Tuigeann beagnach gach Meiriceánach gur rudaí náireacha iad, as an ord.  Tuigtear nach polasaí na tíre iad.  Tuigtear nach carachtar na tíre le feiscint iontu. 

 

Bhí fiosrú ar siúl i bhfad sular fhógraíodh an scéal san nuacht, agus insíodh don dáil Mheiriceánach faoi chomh maith.  Ach nuair a tháinig an scéal chun solais sa nuacht, bhí na polaiteoirí ag cur i gcéill nár chuala siad riamh faoi rud ar bith mar seo.  Bhí sceitimíní ar naimhde Bush go raibh seans eile acu caint ina choinne.   Rinne siad seó de, mar gheall ar a gcuid fuatha, agus ar an olltoghchán atá le teacht.  Agus sna meáin, bhí áthas an domhain orthu brúidiúlacht na Meiriceánach agus ‘coireanna’ Bush agus Rumsfeld a thaispeáint don saol – arís is arís eile.  Is cuma gur thug siad tacaíocht do naimhde a dtíre.  Is cuma gur thug siad gach seans do na sceimhlitheoirí adhmaid a bhaint as.  Is é a bhfuath do George Bush an rud is tábhachtaí dá leithéid (féach an chéad alt a scríobh mé ar an suíomh seo).  Fiú na tíortha a bhí i gcoinne an chogaidh, níor chaill siad an seans chun caint i gcoinne Meiriceá (arís).  D’inis an Vatacáin nach raibh rud maith ann – nach deas mar a cheap siad nach raibh a fhios sin againne!  Agus tugann a leithéid ‘díomasach’ ar Bush!  Agus bhí daoine ann i Sasana a chum grianghraif bhréagacha chun coireanna a chur i leith a saighdeoirí féin, agus a chuir siad ann sa nuachtán mar scéal.  Is iad seo na daoine céanna iad a thugann ‘fear an éithigh’ ar Blaire agus ar Bush, mar deir siad nach raibh airm ollscriosta ann riamh (cé go bhfuarthas sairin agus fianaise eile).

 

Nuair a bhí na naimhde seo ag iarraidh cinn Bush agus Rumsfeld a fháil, baineadh ceann de Nick Berg i bhfírinne.  Saoránach Meiriceánach neamhurchóideach ab ea é, a bhí san Iaráic ag iarraidh cabhair a thabhairt dóibh chun a dtír a chur in ord arís.  Thaispeáin an fíor-uafás seo an difear idir na sceimhlitheoirí gan trócaire gan náire, agus na Meiriceánaigh - arís.  Tá siad siúd bródúil as an uafás a  rinne siad.  Tá siad bródúil gach saghas uafáis a dhéanamh, gan beag beann ar smaointe na Croise Deirge nó daoine sibhialta ar bith.  Tá náire ar Mheiriceá faoi dhroch-bhearta cúpla dá saighdeoir.  Tá Meiriceá ag iarraidh gach ceart a thabhairt do na hIarácaigh, cé go bhfuil na daoine céanna sásta Meiriceánaigh neamhurchóideacha a mharú.  Ach bíonn daoine ann – mórán acu –  a bhíonn ag déanamh go bhfuil cothroime ann idir na sceimhlitheoirí agus Meiriceá (nó níos measa, go bhfuil an ceart ag na sceimhlitheoirí).  Agus is mór an trua sin.  Ach rachaidh Meiriceá ar aghaidh, dá n-aithneoinn, ag troid ar son na sibhialtachta, agus ar son na saoirse.  Agus ar son a slándála.

 

Bíonn Meiriceá ag coimeád srian air féin.  Níor bhain Meiriceá feidhm as buamaí adamhacha, níor scrios siad níos mó den Iaráic ná mar a bhí riachtanach, ní bhíonn siad ag marú daoine gan chúis, ach amháin mar timpistí agus go hannamh.  Tá Meiriceá chomh cúramach agus ab fhéidir riamh i rith chogaidh, gan níos mó dochair a dhéanamh ná mar atá riachtanach chun a namhaid a stopadh.  Taispeánann siad meas do moisc agus áiteanna naofa dar leis na Moslamaigh.  Ar an lámh eile, bíonn na sceimhlitheoirí ag dul thar fóir i gcónaí.  Bíonn siad ag cur sibhialtaigh os a gcomhair mar sciatha.  Bíonn siad ag troid as moisc agus reiligí.  Bíonn siad ag marú sibhialtaigh - Iarácaigh go háirithe.  Bíonn siad ag déanamh buamaí díobh féin.  Bíonn siad ag dó corp, ag céasadh cimí, ag múineadh do pháistí conas na huafáis seo a dhéanamh, agus gach saghas rud uafásach eile.  Agus cé faoina mbíonn an saol ag déanamh gearáin?  Sin an t-uafás is measa.