![]() AidhmIs iad na príomhchuspóirí Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín ná an Ghaeilge a mhúineadh agus feidhm fairsing a bhaint aisti mar theanga bheo. Le déanamh na cuspóirí atá againn, soláthraimid idir bhunranganna, mheánranganna, agus ardranganna, oiriúnach do pháistí is do dhaoine fásta. Tosnaíonn na bunranganna is na meánranganna na ndaoine fásta le béim ar fhuaimniú na Gaeilge agus ar an ngramadach. Leanann siad ar aghaidh go dtí na hardranganna a chruinníonn chun a gcuid comhrá a fhorbairt agus chun meas is tuiscint a fhoghlaim ar litríocht agus ar bhéaloideas na Gaeilge. Dár ndaltaí ard-leibhéalacha, soláthraímid forum deis cainte le gaeilgeoirí cumasacha eile, chun a gcuid comhrá a snasú is a feabhsú. Glacann ár ndaltaí ard-leibhéalacha páirt san aon chlár Léinn Gaelach amháin ar siúl i Mericeá Thuaidh trí mheán na Gaeilge. Bíonn ceardlanna againn ar ábhair mar chanúint in eagráin éagsúla Gaeilge den Bhíobla, amhránaíocht Ghaeilge, teangeolaíocht chomparáideach agus an litríocht Ghaelach. Tá gnaíomhartha de shaincheirdeanna áithrithe ann, mar shampla Coiste Fístéipe Gaeilge, agus bímid ag dul ar aghaidh le láithreacht a bhunadh ar an idirlíon mar saghas cumann Gaeilge samhalta chun chomhá agus córas teachtaireachta a dhéanamh. |