Eagraíocht



Bíonn ceart vótála inár Scoil ag múinteoirí, bunaitheoirí, agus scoláirí a bhíonn ag freastal ár ranganna níos fuide ná dhá bliain. Is iad seo na daoine a bhíonn ar ár gCoiste Stiúrtha: ár múinteoirí, ár mbunaitheoirí, cathaoirleacha tofa donár gcoistí éagsúla (Coiste Fógraíochta, Coiste Fáilte, Coiste Fístéipe), agus ár n-oifigí tofa (ár gcathaoirleach, leas-chathaoirleach, cisteoir, leabharlannaí, rúnaí comhfhreagrach, rúnaí ábhair scoile, rúnaí taifeadtha). Bíonn gach rang saor in aisce de réir barrshamhailteacha don Ghluaiseacht Gaeilge. Bíonn fáilte roimh gach éinne i gcónaí d'ainneoin agus gan trácht ar chreideamh, pholaitíocht, eitneachas, nó oidhreacht. Tacaíonn an Scoil í féin trí fhlaithiúlacht ár gcarad is ár mball. Déantar coistí de réir tola ár mballraíochta chun ár gcuspóirí a chur chun cinn. Deonaíonn na múinteoirí agus baill na gcoistí a gcuid saothair gan tuarastal ar bith. Tar, foghlaim, agus múin! Tá na ranganna saor in aisce, mar sin tabhair do chairde agus do ghaoil leat!


crinniú an choiste stiúrtha